Comh Nasg na nGael - Am Mòd - Féile Pan-Cheilteach - Oireachtas na Gaeilge
Comh Nasg na nGael The new initiative was launched in Scotland in 2001, following a series of meetings between the three festivals since May 1999 the Organisation is undertaking a range of promotional events and activities. Chairman of the organisation is Con Ó Conaill, who is also Chief Executive of Pan Celtic International. The secretary is the Royal National Mod Promotion Manager. Treasurer is Liam Ó Maolaodha, An tOireachtas. The committee also includes Ailean MacColla, Director of Pan-Celtic, Alba and John Maclver, Am Mod. Is comhpháirtíocht nua idir na trí príomh Féiltí Gaelacha in Albainn agus Éire Comg-Nasg Na nGael, a cheanglaíonn Am Mod Naiseanta Ríoghail, Oireachtas na Gaeilge agus an Fhéile Pan-Cheilteach. In Albainn i 2001, tar éis roinnt cruinnithe ó 1999 ar aghaidh a deineadh é a sheoladh go hoifigiúil. Is é an príomhchuspóir atá ag an ngrúpa ná: chur chun cinn na Gaeilge agus Gaelic agus tá sé i gceist tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na nascanna atá idir an dá thír. Imeachtaí atá tosaithe ag Comh-Nasg na nGael ná:- Comórtas Scríobhneoireachta Aistí do dhaoine óga ag Am Mod agus ag Oireachtas na Gaeilge agus rachfaidh na buaiteóirí maraon le tuismitheoir ar chuairt chuigh an tír eile. Comh-phoiblíocht ar na Féiltí trí bhilleóg a fhoilsiú agus a dháileadh amach ar na Féiltí. |
Am Mòd Nàiseanta Rìoghail ‘S i fèis fharpaiseach a th’ anns a’ Mhòd a tha a’ toirt a-steach na leanas: seinn aon-neach, còisireach, bhuidhnean, ceòl ionnstramaidean, bàrdachd, ealan, spòrs, litreachas, dannsa Gaidhealach agus dràma. Ged a tha prìomhachas ga thoirt do thachartasan farpaiseach a’ Mhòid Nàiseanta Rìoghail tha Fèis a’ Mhòid, far a bheil prògram de chaochladh thachartasan neo-fhoirmeil, a’ dol air adhart ceart làimh ri na farpaisean. Ged a tha prìomhachas ga thoirt do thachartasan farpaiseach a’ Mhòid Nàiseanta Rìoghail tha Fèis a’ Mhòid, far a bheil prògram de chaochladh thachartasan neo-fhoirmeil, a’ dol air adhart ceart làimh ri na farpaisean. Bho thòisich e san Òban ann an 1892 tha am Mòd a-nis air leudachadh chun na h-ìre is gur e an dàrna fèis chultarail as motha ann an Alba is e a’ tàladh farpaisich is luchd-tadhail bho air feadh Bhreatainn, à Èirinn, às a’ Chuimrigh, na Stàitean Aonaichte, à Astràilia agus à Canada. Tha am Mòd cuideachd a’ toirt tomhas mhath de dh’fhollaiseachd ionadail, nàiseanta is eadar-nàiseanta don bhaile no don sgìre anns a bheil e air a chumail. Ged is e tachartas farpaiseach a th’ anns a’ Mhòd tha e cuideachd a’ toirt cothrom do Ghaidheil is Ghoill cruinneachadh còmhla ri chèile gus seann chàirdeas ùrachadh na càirdeas ùr a dhèanamh. Tha e air atharrachadh tro na bliadhnaichean an ceum ri leasachaidhean ann am foghlam Gàidhlig is anns na h-ealain Ghàidhlig san fharsaingeachd agus anns an dòigh sin tha e a’ toirt brosnachadh do dhaoine is bhuidhnean ealanta an tàlantan fhèin a leasachadh is a thoirt air adhart gu poblach. ![]() |
Féile Pan-Cheilteach Is í aidhm na féile, a bunaíodh i 1971, agus a bhíonn ar siúl gach bliain an tseachtain i ndiaidh na Cásca, ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theanga, ceol, amhráin, rince agus spóirt na gCeilteach, maraon le forbairt a dhéanamh ar chaidreamh agus ar mhalartú eolais idir na tíortha. I measc príomh imeachtaí na Féile, tá comórtas amhráin nuachumtha, amhránaíocht traidisiúnta, amhránaíocht do chóir, comórtas Rince idir-Cheilteach agus comórtais éagsúla eile don chruit, veidhlín (fidil), píobaí agus drumaí. Déantar freastal ar imeachtaí spóirt trí chamógaíocht agus chomórtais ghailf idir-Cheilteacha. Gné sainiúil den Fhéile is ea na hOícheanta Náisiúnta, nuair a chuireann gach tír taispeántas dá gcultúr féin i láthair agus go mbíonn oíche shóisialta na tíre sin ag Club na Féile. Ar ndóigh bíonn imeachtaí imeallacha á reáchtáil le linn na Féile – ceardlanna, taispeántais sráide, paráidí, léachtaí srl. Beathag.com ![]() |
Oireachtas na Gaeilge Dhá phríomhchuid a bhíonn san Oireachtas anois – Oireachtas na Cásca agus Féile na Samhna – in ionaid so-athraithe, rud a thugann deis rannpháirtíochta agus ceiliúrtha do phobail uirbeacha agus tuaithe araon. Bíonn Taispeántas Ealaíne agus Comórtais Liteartha ag tráthanna eile den bhliain. Le linn Oireachtas na Cásca bíonn an bhéim ar cheol do chóir, ceol uirlise, mór-ócáid shóisialta na féile - Fáiltiú an Oireachtais agus bronnadh na nGradam Cumarsáide. Tá tóir an-mhór ar amhránaíocht sean- nóis, d’idir óg agus fásta, le linn Fhéile na Samhna. Thar deireadh seachtaine ceithre lá, léirítear stíleanna éagsúla sean- nóis – idir amhránaíocht, agallaimh beirte, scéalaíocht agus rince. Buaicphointe an deireadh seachtaine é Comórtas Corn Uí Riada – craobhchomórtas buaiteoirí amhránaíochta ar an sean-nós, a chraoltar beo ar Raidió na Gaeltachta mórthimpeall na hÉireann agus an domhain uile trí mheán satailíte agus an idirlín. Déantar freastal ar gach aoisghrúpa le linn na Féile. Lá na nÓg – lá spraoi do pháistí óga ag Féile na Bealtaine agus Scléip na hÓige do dhéagóirí ag Féile na Samhna, le ceiliúradh ceoil, spóirt agus imeachtaí sóisialta. ![]() |



