Comórtas Náisiúnta 2024

Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach 2024

RIALACHA ANSEO (Gaeilge)

RIALACHA ANSEO (Béarla)

FOIRM IONTRÁLA ANSEO


Tá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach 2024 fógartha agus beidh míle fáilte roimh rogha leathan iarratais. Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na liricí maraon leis an gceol a bheith nuachumtha. Cuireann an comórtas áirithe seo fáilte roimh gach stíl amhráin idir chinn traidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac agus rap, snagcheol agus eile.

Ní foláir iarratais a bheith istigh faoi 5i.n. Dé hAoine, 5 Eanáir 2024. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 27 Eanair 2024 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar  fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair. 

Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta. Bronnfar duais €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an amhrán a roghnóidh na moltóirí chomh maith le bheith mar iarratas na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024 a bheidh ar siúl ón 2-6 Aibreán 2024 i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn. Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nuachumtha ag na tíortha ceilteacha eile ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin.

Ní foláir iarratais a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com nó dlúthdhioscaí a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020
roimh 5 Eanáir ’24.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach labhairt le Bríde nó Emma ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com.

Contact details for the International Pan Celtic Competitions

Address

Louise Ní Dháibhéid, Oireachtas na Gaeilge,

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.

Phone Number

+353 (0)1 475 3857